School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Cormac
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 017
  3. XML “Tobar na gCeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí aon inghean amháin acu. Cailín álainn dob' eadh í. Nuair a bhí sí fásta suas do cailleadh a máthair agus do phós a h-athair arís. Baintreabhach dob' eadh an tarna bean agus bhí inghean aice cheana. Do bhí an inghean san an-ghránna ar fad. Níorbh' fhada gur gheibh éad an leas-mháthair leis an leas-inghean toisc ná raibh a h-inghean féin chómh dathamhail léi. Ba mhaith léi annsan deireadh a chur léi i slighe éigin ach do theip uirthe cuimhneamh ar aon tseift chun í a chur chun bás.
    Sa deireadh do shocraigh sí go raghadh sí go dtí sean-dhraoi a bhí na comhnaidhe in aice na h-áire. Do chuaidh sí chuige agus dubhairt sé lei dul abhaile agus leigint uirthi go raibh sí breoídhte agus a rádh leis an leas-inghean dul go dtí Muilleann Draoidheachta a bhí in aice na h-áire ag triall ar phlúr mar ná leighisfeadh aon rud eile í, "mar" arsan draoi "gach aoinne a théigheann go dtí an muilleann san ní thagann sé abhaile go bráth arís".
    Do chuaidh an leas-mháthair abhaile agus do dhein sí mar a dubhradh lei. Nuair a bhí sí sa leaba ar feadh cúpla lá do glaoidh sí ar an leas-inghean agus dubhairt sí léi dul go dtí an Meilleann Draoidheachta mar go raibh an plúr a bhí ann go h-an mhaith agus ná leighisfeadh aon rud eile í. D'fhág an leas-inghean go moch ar maidin lár'na mháireach agus do bhí sí ag imtheacht lei i rith an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish
    Collector
    Sineád Ní Gogáin
    Gender
    Female
    Informant
    Bean Uí Mhódhráin
    Gender
    Female
    Age
    73
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    An Riasc, Co. Kerry