School: Luachair (roll number 10045)

Location:
Lougher, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luachair
  2. XML Page 115
  3. XML “Buachaill an Bhianna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fhaid mhairfhir agus ní bheidh aon fhonn ormsa bean óg ná críona d'ithe arís. Níl aon ghnó d'ed rígeacht agamsa arsa Murchadha agus ní dhéanfhaidh do lúbaireacht an gnó duit. Cuir suas do ghárda láithreach ar seisean. Thosnuig an cómhrac arís i gceann uair a chluig bhí an t-arna ceann sgúabhtha dhé.
    Do lorg sé sos cómhraic arís ach ní fhuair sé nóimeat. Is gearr go raibh an tríomhadh ceann leagaithe síos ar an talamh dhe agus do thuit sé fuair marbh. Bhí áthas an domhain ar na daoine go léir a bheith sgartha leis agus níorbh aon ionghadh é. Do thógadar Murchadha as a dtalamh ar a nguailinn agus do thugadar go dtí tig ósta é, áit go raibh fáilte roimis. Do mheaseadar go bpósfadh sé an bean a shábháil sé ach dubhairt sé gur fhágh sé cailín i n-Éirinn.
    Dubhairt sé go gcaitfhead sé dul go h-Éirinn láithreach go raibh cogadh mór le thosnú ann. Do choimeádadar ar feadh míosa é agus ní raibh aon droch shaoghal aige. Chuir buachaill an bianna tríd an loc arís é agus tháinig sé abhaile saor sábhálta.
    Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh: Pádruig Raoghal.
    A Sheoladh: Lúachair,Abhainn a' Scáil, Co. Ciarraidhe.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Raoghal
    Gender
    Male
    Age
    c. 76
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Lougher, Co. Kerry