Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- Lougher, Co. Kerry
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 143
- XML “Sclábhaithe an Leitriúigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbeidís go maith sa bhaile. D'fhan sé leis an blian san agus annsan ná fanaidh sé aon lá eile gan teacht abhaile. Fuair an feirmeóir a thuarasdal agus do chuir sé ar an mbórd é. Anois arsa an feirmeóir cioca a b'fhearr leat do thuarasdal nó trí comhairleacha a thabharfainn féin duit. Do bhí sé ag cuimhneamh ar féadh tamaill ach bhí fhios aige gur fear cliste an feirmeóir agus dubhairt sé go dtógfadh sé na trí comhairleacha. Tá san go maith arsa an feirmeóir. Do ghlaoidh sé ar leath taoibh ar a mhnaoí agus dubhairt sé léi trí bulóga aráinn a dhéanamh agus tuarasdal (sé léi)[?] bliana do chuir isteach i ngach ceann aca agus iad do chuir i mála chuige. Anois ar seiseann an chéad chómhairle a thabharfad-sa dhuit. Ná tabhair aon comhngar slighe ar dul abhaile duit ach an bóthar mór a choimeád. An tarla chomhairle, gan fanacht in aon tigh a bheadh fear óg pósta le seanduine. An tríomhadh comhairle a thug sé dó gan aon nídh a dhéanamh indiu go mbeadh aithris air i mbáireach mar gheall air.
Do thug sé na trí bulóga dó annsan agus dubhairt sé gan aon smut a thógaint asta go raghadh sé abhaile agus ceann a thabhairt dá mhnaoí agus do'n bheirt mac. Do chuir sé chun bóthair agus ní raibh sé i bhfad ar an mbóthar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Raoghal
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 78
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lougher, Co. Kerry