School: Luachair (roll number 10045)
- Location:
- Lougher, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luachair
- XML Page 159
- XML “An Rí agus A Thriúr Mhac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rinnce le na buacaillí tuighe. Do bhí sí ag feucaint amac le súil go bhfeicfidh sí é mar do thug sí fáinne óir dó go raibh a ainm sgríobhta innte sar ar scaireadar. Do bhí sí ag imteacht eatortha go dtí gur cuir sí a súil ar an bhfáinne. Cuadar i leath taobh agus bhí cogair eatortha. Do chuir sí lámh fé 'na osgail agus do thóg sí é cun a athair agus cun a mhathar léi. D'innis sí an scéul ó thosach go deire dóibh.
Dubhairt an t-athair go gcaitfí cúirt a cur suas agus iad do thriall. Do bhí daoine uasle na tíre ar fad ar an gcúirt.
Do dhaor gach aon fhear a bhí ann cun a crochta iad. Do chrocadh iad cúpla la 'na dhiaidh san. I gceann tamaill do phósadh an fear óg agus an cailín. Do thug an fear óg an figheadóir cun cómhnuidhe leis agus d'fhan an fígheadóir agus a inghean ann go dtí go bhfuair siad bás. Deineadh rígh de'n fear óg nuair a cailleadh an máthair agus do mhaireadar go sona sásta as san amhach.- Informant
- Pádruig Raoghal
- Gender
- Male
- Age
- c. 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lougher, Co. Kerry