School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá trí liosacháin i bparóiste Breanndáin, tá ceann aca i Lios-na- caolbhuidhe agus dhá cheann aca i mBaile mór. Níl siad a radharc a chéile in aon chor. Tá siad go léir cearnógach. Tá siad a lár gach bpairce agus tá clocha mór thimceall ar cheann aca.An liosacháin atá i mBaile Mór, "Rín" a tugtar ar an áit agus tá poll mór ag dul isteach ann. Oidhche amháin bhí fear ag dul abhaile ó bheith ag iascaireacht. Cualaidh sé an ceól agus an rinnce istig san lios agus chuaidh sé isteach.Nuair a chuaidh sé isteach d'imthigheadar go léir as a radharc ach cailín amháin a bhí na suidhe.
Cheistig an fear an cailín ach níor thug sí aon fhreagra air. Do rug sé uirthi ach níor bhféidir leí siubhal.
Do chuir sé isteach(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Leighin
- Gender
- Female