School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 371
- XML “An Drochshaol”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do luig an droch-shaoghal go trom ar an gceanntar so. Bhí níos mó daoine na gcómhnaidhe san áit seo fadó ná mar atá anois ann. Thainig an "Dubh" ar na prátaín nuair a bhiodar ag fás agus do lobhadar ins na poill. Ni raibh aon bhiadh acha ach gráinne mine buidhe; ach thainig longa ó Shasana agus do sciobadar leotha an min buidhe is cailleadh a lán daoine san áit seo leis an ocras. Bhi fear i "dTír" agus lá amháin chuaidh sé amach sa pháirc ag ithe an féir ghlais. Annsan chuaidh sé go dtí an cnoc agus do fuair sé bás ann. Do chuaidh a muinntear á lorg agus fuaireadar é anaice puirt. Do thugadar é go dtí roilig Chlocáin agus do chuireadar ann é. Bhí bean san Tír ag sníomh agus bhíodh na daoine ag dul isteach chun prátaí a fhagháilt uaithe. Chuir sí mála sa chúinne agus gach fear a théigheadh isteach thugadh sí deich bpráta dho, agus gach tráthnóna(continues on next page)
- Collector
- Albert Breathnac
- Gender
- Male
- Address
- An Tír, Co. Kerry