School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire (roll number 15844)

Location:
An Baile Dubh, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Séaghda
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0430, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0430, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Dubh, Caisleán Ghriaire
  2. XML Page 162
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Baintreabhach go raibh mac aici. Do theastuig úaithe é cur ag foghluim céirde. Seadh bhí sí cumhang caol a d'íarraidh é cur don céird creidheamhnach in áit éigin é ach dúbhairt a mac léíthe go raghadh sé féin ag bitheanntaigeacht. Bhí sí a tathaint air gan dul agus an buacaill ag tathaint uirthi go raghadh "bfuil fhios agat" ars an mac léíthe "dul go dtí a leithéid de thobair agus beidh duine sa tobair anois agus inneosaidh sé duit cad é a céard gur mhaith leat do mhac a cur. Do cúaidh sí go dtí an tobar agus cuaidh sí ar a glúnaibh agus bhí sí ag paidireóracht agus sí an fear thíos ins an tobair agus cé bheadh thíos ins an tobair ach a mhac agus cé bhí thúas sa crann ós cionn an tobair ach a mhac. An duine tios ceap sí gur duine a bhí ann ach ní raibh ann ach sgáth. Dúbhairt an sgáth léite dul abhaile agus é chur le biteannigheacht. Bhí an mac ag baile roimpi agus d'fiafruig an mac di cad dubharthas leithe. Dubhairt sé liom mo grádh-dhil chur le bitheanntaidheact.
    "Táim sasta" ars an mac - "Ac má tá nilím se sásta" ars an máthair "Is fearr liom" ars an máthair" tú cur le ceard éícint ná thú cur le bitheannteact. Seadh ars an mac lei téirig anoct arís ag triall air feucaint cad é an ceard a gcuirfidh tú do mhac leis. Cuaidh. Bhí an mac sa crann agus connaic sí sgath an duine sa tobar. D'fiarruig sí de cad é an ceárd go gcuirfeadh sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish