Scoil: An Cam (Camp), Tra Lí
- Suíomh:
- Camp, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Cam (Camp), Tra Lí
- XML Leathanach 144
- XML “Rudaí a Chuala Féin agus a Thugas fé nDeara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rudaí a chuala féin agus a thugas fé ndeara
Séan Ó Murchadha: Na Garraidhthe, An Cam, Tráighlí
Aois: 42 bliain
Slighe Bheatha: Oide ScoileRugadh agus tógadh mé féin i mBaile na nGall, i nIarthar Chorca Dhuibhne agus do mheasad gur mhaith an rud a bhreacadh síos roinnt de sna rudaí a chuala agus a thugas fé ndeara ins an áit fíor-Ghaedhealadh san 's mé ag éirighe suas. Nílim chun an eagar a chur ar na rudaí sin acht buailfead síos iad fé mar rithfid chugham.Ar an gceád dul síos bhí daoine i bhfad níos símplidhe an uair sin dá ghiorracht ó sóin é ná mar atáid anois. Do bhiódar i bhfad ní ba phiseogaidhe na mar atáid. Is maith is cuimhin liom nuair a bhiós ana óg gur trí bhagairt draoidheachta agur diamheachta agus mar sin a coingibhthe sinne ó áiteanna dáinséaracha agus ó bhioghail eile. (San Imeall: Draoidheacht agus diamhracht na bhfaill). Bhí failleacha árda lastuaidh den mbaile agus bhíos ana éileain againne ar bheith ag drapadóireacht agus ag cuardach 'na measg. Dheineadh seabhaire, crathóga liath (scald na scaoil, crows) cathogha cos ndearg (congha), spítíní (e ) agus feinleoga a neadacha n'a measg agus bhíodh ama álainn ag garsúin an bhaile na neadacha do bhaint amach. Bhíodh cipíní raice leis le fagháil i gcuid acu go mór mór san mBeannaigh agus i gCuas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Garrahies, Co. Kerry