School: Dubhghlas (B.)
- Location:
- Douglas, Co. Kerry
- Teacher: Seán Mac Giolla Phádraig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhghlas (B.)
- XML Page 277
- XML “Screathan an Fhraoigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rae an Chait.
Screathan an Fhraoigh.
Bean ag sníomh, ag dul timcheall, old poet.
Siobhan Ní Larfhlaithe.
(60 years) agoTrathnóinín aoibhinn m’im shuidhe cois na leacan,
Do chonnac-sa mo bhuachaillí 'gluiseacht cun reatha,
Do bhuaileadar suas í fé uachtar a' bhaile,
Do chuireadar a' mbádhadh iad, i muing báidhte agus i bpuill maidí.
Do ghluaiseadar anuas chúghainn go h-uasal mear tapaidh,
Lasad ‘na ngruadhanna agus gan iad do ghéilleadh a bheith marbh, D’fhiafhruighead ar diuin-ne, cár fhágmair na fearaibh
D’fhágamair shuas iad ag glaodach ar na sagairt.
Tháinig crampaí ‘na nglúnaibh 7 d’alt suas a n-alta,
Thuit allus ar a súile mar thuitfeadh an sneachta,
Ní hé an leamhnacht úd d’óladar, ná an tae bríoghmhar, mar mheasaim,
Ach an braoinín blátaighe leis na prátai ar maidin.
Tháinig an smóilín ar dath-bhláth an aitinn,
Ag féachaint ar na trean-fhir do bhí gléasta chun reatha,
An iad san trúp Éilion ón nGréig chúghainn do thaisteal,
Nó mór-shluaighthe na Féinne, nár tréigh riamh lán catha.(continues on next page)