Scoil: Dubhghlas (B.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Mac Giolla Phádraig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rae an Chait.
Screathan an Fhraoigh.
Bean ag sníomh, ag dul timcheall, old poet.
Siobhan Ní Larfhlaithe.
(60 years) agoTrathnóinín aoibhinn m’im shuidhe cois na leacan,
Do chonnac-sa mo bhuachaillí 'gluiseacht cun reatha,
Do bhuaileadar suas í fé uachtar a' bhaile,
Do chuireadar a' mbádhadh iad, i muing báidhte agus i bpuill maidí.
Do ghluaiseadar anuas chúghainn go h-uasal mear tapaidh,
Lasad ‘na ngruadhanna agus gan iad do ghéilleadh a bheith marbh, D’fhiafhruighead ar diuin-ne, cár fhágmair na fearaibh
D’fhágamair shuas iad ag glaodach ar na sagairt.
Tháinig crampaí ‘na nglúnaibh 7 d’alt suas a n-alta,
Thuit allus ar a súile mar thuitfeadh an sneachta,
Ní hé an leamhnacht úd d’óladar, ná an tae bríoghmhar, mar mheasaim,
Ach an braoinín blátaighe leis na prátai ar maidin.
Tháinig an smóilín ar dath-bhláth an aitinn,
Ag féachaint ar na trean-fhir do bhí gléasta chun reatha,
An iad san trúp Éilion ón nGréig chúghainn do thaisteal,
Nó mór-shluaighthe na Féinne, nár tréigh riamh lán catha.(leanann ar an chéad leathanach eile)