School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)

Location:
Chapeltown, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó hAiniféin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
  2. XML Page 233
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    TOBAIRÍN DOMHNAIGH
    Tá so suidhte ar thaobh a bhóthair iarrain, ar an dtaobh theas de, i ngiorracht leath-mhíle ar an dtaobh thoir de Cill-Finiúra. Tá sé ag rith amach as an mBóthar Iarrain isteach i dtalamh Dhiarmuid Uí Charmuda, Cnoc Ramhar. Níl puinn eólais ag muinntir na h-áite na thaobh ach táid go léir cinnte gur tobar beannuighthe a tá ann. Níl aon rian ná comhartha ag teasbáint go ddeintí turas ann.
    Dubairt bean liom ón áit gurb amhlaidh a bhrúcht an tobar anios Domhnach airighthe agus gur tugadh an ainm sin air dá réir. Bean eile a deir go dteigheadh daoine ann fadó ar an Domhnach chun turas a dheunamh. Ní cuimhin le h-aoinne a bhuail liom fós go bfeacaidh aoinne a deunamh turas ann.

    (Cont.)
    do tógadh Uachtarlann i Liostrim in aice Tobar na gCeann agus deineadh tobar i macha an Uachtarlainn 1910 - Ní fada síos a chuadhthas a triall ar an uisge - timcheall cúig troighthe nuair (?) seo cúcha sguna (?) breagh uisge glan ná triomuigheann aon am dein bhliadhain agus is deárabhtaighe gurab é seo uisge an Tobair Bheannaighthe a chuaidh i ndísc. Ón abhainn ag "At-an-tSoluis" a gheibidís uisge don Uachtarlann nuair theip an Coidéal nó go bhfuaireadar an tobar sa mhacha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó hAiniféin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Tralee, Co. Kerry
    Informant
    Bean Uí Pháircéir
    Other names
    Bean Uí Pháircéir
    Brigid Ní Dhúnlaing
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Listrim, Co. Kerry