Scoil: Moyderwell Convent of Mercy (uimhir rolla 13530)
- Suíomh:
- Moyderwell, Co. Kerry
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 233](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0441%2FCBES_0441_233.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0441, Leathanach 233
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtagann an mhaigdean mhuire ar chúaird go dtí gach tig an oidche sin agus fágann síad na dóirse osgailte chun fáilte a chur roimpe.
Núair bhíonn na daoine ag bainnt na bprátaí nó an choirce nó na móna bíonn féasta mór aca an lá a críochnuigheann síád é chun an chlabhsúr a theasbáint.
Ní théigheann aoine amach tairéis a sé a chlog tráthnóna lá 'le Seán mar deirtear go mbíonn na púcaí agus na taidbsí go gnóthach an oidhche sin agus dhá bfagaidís greim ar aoinne dhéanfhaidís díoghbháil dó.
Fadó núair a tháinig an té go hÉirinn ar dtús bhí sé ana ghabann agus núair a dheineadh na mná an cuigeann gach seachtmhain beadh braon té aca pé áit in a bhfaighídís é "in onóír don gcuigeann."
Lá 'le Stiofáin gach blíaín bailigheann na búachaillí go léir le chéile agus gléasann síád íád féin súas agus teigeann síad timcheall ó thig go tig ag bailiú airgid. Bíonn rinnce mór aca annsan leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlís Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry