School: Mín (roll number 13938)
- Location:
- Tooreenmore, Co. Kerry
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín
- XML Page 046
- XML “Paróiste - Cnoc na gCaiseal - Conas a Fuair sé a Ainm”
- XML “Pátrún Cnoc na gCaiseal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)in aice an tsráid-bhaile fós ar a dtugtar BUAILE mar is ann a crúidhtí a chuid bó.Sa tsean aimsir ní i gCnoc na gCaiseal ná i nBrosna bhiodh an séipéal ach i gCill Mainchin ag droichead na Féile san áit in a bhfuil an teampall gallda anois.Dritháir do Naomh Bréannán do béadh an Mainchin seo, deirean daoine áirithe gur ab naomh é, agus deirean daoine eile ná raibh ann ach sagart nó manach. Níl a ainm imeasc naomh na h-Éireann. Chuir sé fé agus thóg sé cill dó féin ar bhruach na Féile agus mhúin sé an fior-chreideamh do na págánaigh a chomhnuigh sa duthaigh sin - sliocht Ciair. Deirtear leis gur ab Cill Mainchin an cheud cill a cuireadh ar bun in- Oirthear Ciarraighe.Blianta in a dhiaidh sin tháinig Naomh Maoiling (nó Muilín) agus chuir sé fé i mBROSNA, ceithre mílte nó mar sin ar an dtaoibh shoir de Chill Mainchin - agus tamall mór in a dhiadh sin deineadh aon pharóiste de Chnoc na gCaiseal agus Brosna ach i gCill Mainchin comhnuigheadh na sagairt gur cuireadh suas tigh na sagart i sráid-bhaile Brosna timcheall 60 blian ó soin. Timcheall 80 blian ó soin tógadh an cheud séipéal i sráid-bhaile Cnoc na gCaiseal. Roimhe sin i mBaile na Ceárdchan a bhiodh an séipéal do phobal Cnoic na gCaiseal. " Ínse an Teampaill " atá mar ainm ar pháirc ann fós.
- Bionn an-lá gach blian i gCnoc na gCaiseal ar an 15adh lá Lughnasa. An-lá ar fad ag muinntir Cnoic na gCaiseal is eadh é. Sa tsean-aimsir ní sa tsráid-(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó hEartnáin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Knocknagashel, Co. Kerry