Scoil: Mín (uimhir rolla 13938)

Suíomh:
An Tuairín Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0450, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Paróiste - Cnoc na gCaiseal - Conas a Fuair sé a Ainm”
  4. XML “Pátrún Cnoc na gCaiseal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    in aice an tsráid-bhaile fós ar a dtugtar BUAILE mar is ann a crúidhtí a chuid bó.
    Sa tsean aimsir ní i gCnoc na gCaiseal ná i nBrosna bhiodh an séipéal ach i gCill Mainchin ag droichead na Féile san áit in a bhfuil an teampall gallda anois.
    Dritháir do Naomh Bréannán do béadh an Mainchin seo, deirean daoine áirithe gur ab naomh é, agus deirean daoine eile ná raibh ann ach sagart nó manach. Níl a ainm imeasc naomh na h-Éireann. Chuir sé fé agus thóg sé cill dó féin ar bhruach na Féile agus mhúin sé an fior-chreideamh do na págánaigh a chomhnuigh sa duthaigh sin - sliocht Ciair. Deirtear leis gur ab Cill Mainchin an cheud cill a cuireadh ar bun in- Oirthear Ciarraighe.
    Blianta in a dhiaidh sin tháinig Naomh Maoiling (nó Muilín) agus chuir sé fé i mBROSNA, ceithre mílte nó mar sin ar an dtaoibh shoir de Chill Mainchin - agus tamall mór in a dhiadh sin deineadh aon pharóiste de Chnoc na gCaiseal agus Brosna ach i gCill Mainchin comhnuigheadh na sagairt gur cuireadh suas tigh na sagart i sráid-bhaile Brosna timcheall 60 blian ó soin. Timcheall 80 blian ó soin tógadh an cheud séipéal i sráid-bhaile Cnoc na gCaiseal. Roimhe sin i mBaile na Ceárdchan a bhiodh an séipéal do phobal Cnoic na gCaiseal. " Ínse an Teampaill " atá mar ainm ar pháirc ann fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bionn an-lá gach blian i gCnoc na gCaiseal ar an 15adh lá Lughnasa. An-lá ar fad ag muinntir Cnoic na gCaiseal is eadh é. Sa tsean-aimsir ní sa tsráid-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó hEartnáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnoc na gCaiseal, Co. Chiarraí