School: Mín (roll number 13938)
- Location:
- Tooreenmore, Co. Kerry
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín
- XML Page 049
- XML “Pátrún Cnoc na gCaiseal”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
(no title) (continued)
“Tamall soir ó Tuirín a' Choic i bparóiste Brosna bhí féile d'ar ab ainm Seamas Ó Catháin ina chónaí timpeall 80 bliain ó shin.”
(continued from previous page)Tamall soir ó Tuairín a Chosc i bParróiste Brosna bhí féile dárab ainm Seumas Neamhurchóideach Ó Catháin ina chómhnuighe timcheall 8o bliain ó shoin. Is mó píosa deas filidheachta chúm sé ach cailleadh iad.Seo piosa do chum sé lá nuair a bhí a chroidhe ciapaithe cráidhte ó bheith ag múineadh suimiú nú addition dá mhacAddition do chealg as do chráidh do chroidhe
Addition ná beidh agatsa go dtéighir sa chill
Mar ní deocair an Mhucallach a thabairt ón gCoíll
Ná addition do chuir in acrann id mháinléad cínn."Is dócha ná raibh an mac san chomh dúr, ámhthacht, is cheap a athair. Lá cruaidh gaothmhar i mí Márta chuir an t-athair amach sa bhuaile é chun smután giúise do ghearradh. Níorbh fhada don mac amuich nuair d'fhill se arís agus bhí á ghoradh féin ag an teine. D'fhiafruigh an t-athair dhe go feargach 'dé chúis nár fhan se amuigh ag obair.Seo mar d'fhreagair an mac:-"bhí an ghaoth anoir 'dtuaidh
bhí fuacht ar mo chosa
bhí an smután cas-chruaidh
is bhí an tuagh ar bogadh"