School: Srón (roll number 9090)

Location:
Shrone Beg, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0452, Page 045

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0452, Page 045

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Srón
  2. XML Page 045
  3. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    1 Dá mbeadh droc taidhreamh ag duine ní ceart dó é hinnsinnt do duine a beadh ar cealacán ar eagla go dtiocfadh an taidhreamh fíor.
    2 Dá cuirfadh duine smut dá chuid eadaig air ar maidin go mbeadh an taobh dúathal iompuighthe amac ní ceart dó é iompáil thar nais mar beadh sé ag iompáil a rath uaidh.
    3 Dá mbeadh síodh gaoithe ag imtheact inaice le duine ba cheart dó rud éigin do chaitheamh leis, blúire paipéir nó sop féir nó rud éigin mar sin deirtear mura caithfadh go sgiobfadh sé é féin leis.
    4 Dá mbeitheá ag tabhairt carráin do dhuine agus é ag dul cun gearra leis ba ceart duit é chaitheamh ar an dtalamh cuige agus leogaint dó féin é thógaint as mar deirtear dá sínfeá isteac in a láimh é go gearrfadh sé é féin leis.
    5 Ní ceart an rud leanbh óg do leogaint isteach san áit in a bheadh an coirce á baint mar deirtear ná eireócadh go maith leis an leanbh.
    6 Ní maith an rud aon obair do tosnughad Dé Sathairn an rud a tosnuightear Dé Sathairn is fada go críocnófar é.
    7 Deirtear nár cheart an rud leanbh óg d'fhágaint amuigh in a chodlad in a aonar i gcliabhán de bríghgo geobhadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Languages
    Irish
    English
    Collector
    Pádraig Mac Carrthaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Headfort, Co. Kerry
    Informant
    Siodbhán Bean Uí Cróinín
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Awnaskirtaun, Co. Kerry