School: Srón (roll number 9090)

Location:
Shrone Beg, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Mac Carrthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0452, Page 055

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0452, Page 055

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Srón
  2. XML Page 055
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuir sí easgaine air agus dubhairt sí "go bfaighfeadh sé bás de galair éigin san scórnac níos measa ná an téad". Taréis roinnt aimsire tháinig galar éigin in a scórnac agus ní raibh leigheas ag aoinne air. Fuair sé bás i bpían mór. Taréis a bháis ar feadh roinnt aimsire do cítí a sprid san tig i Ráthmór idir ló agus oidhche. Bhí beirt fhear ag obair ann tamall, bheag taréis a bháis agus do donmhairbhuigheadh iad agus ní fios conus. Fúaradh an tríomhadh duine gan aon ciall aige act thainig sé cuige féin. Úair eile bhí beirt fhear ag baint adhmaid inaice an tighe agus connacadar é ar muin an chapaill. Bí sé i lar na hoidhche agus bhíodar chun an tadhmaid do goid. An fhaid a bhíodar ag baint ritheadh sé mór thímcheall na páirce agus stadadh sé rómpa gach aon uair le hagaidh ana crosta air. Taréis na rudaí sin do thuitim amac ní fhanfadh aoinne san tig. Taréis tamaill tháinig dream manaig ann. Cloiseadh na manaig fuaimeanna mí nádúra i rith na hoidhce. D'áirig an príomhmanac daoine ag máirséal isteach in a sheomra oidhce. Do shuidh sé súas in a leabaidh agus dfífraig sé an raibh aon anam san seómra a deanfadh Aifreann maitheas dhó agus má raibh buille do bhúaileadh ar an leabh -
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Mac Carrthaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Headfort, Co. Kerry
    Informant
    Dómhnall Ó Scannaill
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Shrone Beg, Co. Kerry