School: Clochar na Toirbhirte, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teachers: An tSr. M. Déaglán An tSr. Marie Thérèse
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tadhg Gaedhealach Ó SuilliobhánSan naomhadh aois déag ba mhó an clú agus an teolas a bhí ar fhilidheacht dhiadha Thadhg Ghaedhalach ach imeasg gaedhilgeoirí Chúige Mhumhan ná an shaothar éin fhile eile. Ní dóigh liom gurbh é feabhas a chuid filideachta fé ndeara san, na diadhsamhalcht na ndaoine ach toisg a chuid amhrán a bheith fé chló agus breith ortha ag cách.
Do chuireadh dánta diadha Thaidhg fé chló i gClúain Meala san bhlíaín 1802. Sagart d’fhóillsigh iad agus do dhíoladh go saor leis an bpobal íad. Do bhí ana ghlaodach ortha, agus do cuireadh amach airís é. Deallruigheannn an sgéal gur timcheall na bliadhna 1715 a rugadh Tadhg Gaedhealach ach níl éin eolas cruinn againn ar an ndáta.
Do cheap gach aoinne ar fiadh i bhfad gur Dhéiseach ab eadh é, toisg na dánta diadha a bheith sgríobhtha i gcanamhaint na ndéiseach. Inis na déiseachaibh a chaith sé an tréimhse cráibhtheach dá shaoghal. Ach fuaradh amach(continues on next page)- Informant
- Pádraig Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Age
- 92
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Meentoges, Co. Kerry