School: Gleann Fleisge
- Location:
- Glenflesk, Co. Kerry
- Teacher: Donnchadh Ó Spiolláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Fleisge
- XML Page 911
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Is dúbhach dealbh deórach an pósadh do gealladh dom go h-óg mé a cheangail le sean-donán.”
Is dubhach dealbh deórach an pósadh do gealladh dom
Go h-óg mé a cheangail le sean-donán
Núair a chuireadh le fórsadh i dtreó tig a t-sagairt
Sé mo chroidhe athá aturiseach i dtáobh é a rádh
Ní thaithnigheann a shiubhal a lúth na a seasamh liom
A mhála troma clúmhach ná a shúile dearga
Bfhearr liom-sa ar t-óig-fear do luighfeadh ar leabaidh liom
Is gur bhfiú dhom ar maidin a phóigín d’fhághail11.
A thoice gan éolas ba ró-mhór go mfearra duit
Luigheadh ar mo leabaidh is codhladh go sámh
Cailíní óga go gnó is ag obair duit
Is do chuigeann da cnagadh leath-úair roimh lá
Seisreach nó dhó bheith ag rómhar is ag grafa dhuit
Coirce ‘gus eórna id’ sgiobólaibh fé glasanaibh
D’fhillín breágh núa sí mhóin go dtí an margadh
Nídh nár cleachtaís is nár dúal duit d’fhágháil111.
Da gchuirfá i gcóiste ag siubhal bóithre fada mé
Agus ór na gaoithibh do thabhairt im láimh
Ní gheallfadh mo croidhe áon oidhche ins an t-seachtmhain leat
Is is dócha na geallfadh go bhfaig mé bás
Ac imteóchad im fibín nó am cladhaire ar mhearthall
Caithfir tú dhíghilt mar a bhfaighfear scarta sinn
Connus d’féadfainn-se faoidhne le cladhaire san-duine(continues on next page)- Informant
- Rudhraí O Donncada
- Gender
- Male
- Address
- Cummeenavrick, Co. Kerry