Scoil: Gleann Fleisge

Suíomh:
Gleann Fleisce, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donnchadh Ó Spiolláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 911

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 911

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Fleisge
  2. XML Leathanach 911
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Is dúbhach dealbh deórach an pósadh do gealladh dom go h-óg mé a cheangail le sean-donán.

    Is dubhach dealbh deórach an pósadh do gealladh dom
    Go h-óg mé a cheangail le sean-donán
    Núair a chuireadh le fórsadh i dtreó tig a t-sagairt
    Sé mo chroidhe athá aturiseach i dtáobh é a rádh
    Ní thaithnigheann a shiubhal a lúth na a seasamh liom
    A mhála troma clúmhach ná a shúile dearga
    Bfhearr liom-sa ar t-óig-fear do luighfeadh ar leabaidh liom
    Is gur bhfiú dhom ar maidin a phóigín d’fhághail
    11.
    A thoice gan éolas ba ró-mhór go mfearra duit
    Luigheadh ar mo leabaidh is codhladh go sámh
    Cailíní óga go gnó is ag obair duit
    Is do chuigeann da cnagadh leath-úair roimh lá
    Seisreach nó dhó bheith ag rómhar is ag grafa dhuit
    Coirce ‘gus eórna id’ sgiobólaibh fé glasanaibh
    D’fhillín breágh núa sí mhóin go dtí an margadh
    Nídh nár cleachtaís is nár dúal duit d’fhágháil
    111.
    Da gchuirfá i gcóiste ag siubhal bóithre fada mé
    Agus ór na gaoithibh do thabhairt im láimh
    Ní gheallfadh mo croidhe áon oidhche ins an t-seachtmhain leat
    Is is dócha na geallfadh go bhfaig mé bás
    Ac imteóchad im fibín nó am cladhaire ar mhearthall
    Caithfir tú dhíghilt mar a bhfaighfear scarta sinn
    Connus d’féadfainn-se faoidhne le cladhaire san-duine
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Rudhraí O Donncada
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Coimín an Bhroic, Co. Chiarraí