School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 232
- XML “An Chuigeann”
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tíge.
Óltar an bhláthach agus tugtar do's na mucaibh is na ganmhaibh í agus úsaidtear í chun cístí do deanamh,Lúighseach Ní Chonnmhaighe.
Dúcha. - Tá meadar againn sa bhaile.
Tugtar meadar mar ainm uirthe.
Tá sí trí troighthe ar aoirde, troigh go leith ar fhaid ó thaobh-taobh 'na bharr.
agus dhá throigh ó thaobh-taobh 'na bun.
Deineadh í geall le trí bliana déug ó shoin.
Is iad so gléiseanna na meidre - an loinithe, an clár agus an cupán.
Deineann m'aintín an t-ím dá uair sa t-seachtmhain sa tSamhradh agus aon uair amháin sa t-seachtmhain sa Gheimhreadh.
Ma thagann stroinséar isteach le linn na cuiginne buaileann seisean greas uirthe le h-eagla go dtógfadh sé an t-ím leis.
Bíonn an chuigeann á dheanamh uair go leith nó dhá uair sa Gheimhreadh.
Oibrightear an loinithe síos suas sa mheidir le na lamha.
Nuair a bhailigheann am t-ím 'na chnapógaibh claistear glór na bláthaighe agus mothuightear meadhchaint an ime agus annsan aithnighthear go mbíonn an chuigeann déanta.
Tógtar an t-ím amach le fó-chupáin agus nightear é le uisce fuar agus cuirtear salann ann.
Usáidtear sa bhaile é.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry