School: Cromán (C.) (roll number 12821)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 284

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 284

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (C.)
  2. XML Page 284
  3. XML “Díol agus Ceannach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Rudaí eile a bhíod ag taisteál uatha.
    Ní raibh mórán airgid san t-sean aimsear.
    Malartuigheadh na daoine coirce agus prátaí agus rudaí eile ar earraidhe eile.
    Uaireannta thugadh na daoine laetheannta oibre ar son earraidhe nuair nar bhíodh airgead acu chun na n-earraidhe do cheannach.
    Bhí daoine annse agus níor cheannuigheadh siad aon rud san nDomhnach mar deireadh siad ná beidh an t-adh ar na h-earraidhe.
    Ní bhíodh aon margadh san bparróiste seo san t-sean aimsear.
    Bíodh an margadh i gCill-Áirne agus i dTráighlí agus in-áiteannaibh eile agus b'éigean dos na daoine dul go dtí n-áiteannaibh san.
    Bíodh ím, prátaí, coirce, cabáiste agus turnaipí á ndíol acu ann.
    Bíonn an margadh ar siubhal i gCill-Orglan anois.
    Bíodh na peidléirí ar fuad na gceanntar so fadó agus bíodh ialla agus bioráin agus rudaí eile á ndíol acu.
    Cheannuigheadh na daoine rudaí uatha.
    Nuair a bhíonn na daoine ag díol bó nó capall nó ar aon rud eile tugann siad scilling nó dhá scilling agus uaireannta níos mó ná san thar h-ais don cheannuightheóir mar ádh.
    Bríghid Ní Shúileabhain,
    Cromán Uachtar
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry