School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)
- Location:
- Gortrooskagh, Co. Kerry
- Teacher: Síghle, Bean Uí Thuama
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Siolbhrain (Shelbourne)
- XML Page 089
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear bocht i dTeampall Nuadh aon uair amháin. Balbhan a beadh é.
An lá b'fhearr a bhí se riamh, bhí se ana bhalbh. Seadh, má seadh, bhíodh sé ibhfad níos measa nuair a chuirfeadh aon nídh trioblóid air. Ach go h-áirithe do bhí guth binn chun na h-abhrán aige; agus nuair a bhíodh sé ag amhrráineacht, ní bhíodh sé balbh in aon-chor.
Do chuaidh capall breágh le cómhasan isteeach ilocán obportach lá, agus do bhí sé á bháthadh! Do dhein an balbhán a dhícheall chun glaodhach ar an bhfear gur leis an capall. Ní fheadfadh sé aon nídh a rádh ach.
"Ca, Ca, Ca, Ca, Ca."
"Arú," arsa seandhuine abhí ag éisteach leis, "Cad na thaobh ná bhuailfeá guth air, agus amhrán a dhéanamh den sgéal.
Do dhein an balbhán amhlaidh
"Hó, rí," ar seisean, "Agus an capall, an capall, á bháthadh."
Do tháinig na cómhaesain go léir, mar D'airigeadar an t-amhrán béacaigh, binn, ar fuaid an gleanna.
Do sabháileadh an capall.