School: An Clochar, Neidín
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teacher: Brighid Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deintear iad seo as na putóga caola nuair a marbhuightear much chun leasuighthe. Glantar na putóga sa gnath-tslighe agus ullmhuightear measgán chun iad do líonadh.Beirbhigtear al na muice go mbíonn sé go h-ana so-bhriste agus annsan cimiltear é ar gléas gráthaighthe go mbíonn sé na mhion-codanna. Cuirtear le seo taoscán d'arán bán an bhaile mhóir agus é briste go mion agus deintear na comhgaisí do bhlaisuighadh le piopar, salann agus spíosraí eile. Deintear é do flichadh le saill leaghta go mbionn taos righin deánta. Filltear an taos i rollaí beaga agus sáithear isteach iad ins na putóga caola go mbíd san teann lán. Beirbhightear iad go ceann tamaill agus annsan frioctar iad do reir mar a bíd ag teastáil. Bíd so go maith chun ithe go ceann i bfad agus táid níos so-bhlasta go mór ná lispiní a ceannuigthear ins na siopaibh.
Fuarathas ó Bhean Mhic Chárthaig, An Cathair, Neidín, Gleann an Ruactaigh- Collector
- Aine M. Mac Chárthaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Mhic Chárthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Caher West, Co. Kerry