School: Kenmare (B.) (roll number 2849)
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teachers: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kenmare (B.)
- XML Page 460
- XML “Mister Crowley”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Mister Crowley"Bhí fear ann uair darb ainm do Mister Crowley. Chuaidh sé go dtí an t-Aifreann Dia Domhnaig, Buail fearín na bréide uime. Chuadar isteach idtig tábhairne agus bhí braon aca.
"Seadh, amisur Crowley" arsa fearín na bréide "nách bhfuil lios idtalamh do dhriotháir?"
"Tá" arsa Mr. Cr.
"Téighir isteach ann anocht má seadh" arsa fear na bréide, "féachaint cad tá ar siubhal aca"
Chuaidh Mr Crowley isteach sa lios. Ní raibh aoinne sa chistin acht é féinig. Bhí an bailiú ag ól agus ag ithe thíos acht níor iarr aoinne ar Mhister Crowley an raibh beal air. Is gearr do go bhfeaca sé dairéag fear ag gabháil thairis isteach agus camán ag gach duine dhíobh. Do réir mar théighídís isteach leigeadh gach duine a chamán uaidh sa cistin agus seo thíos sa phárlús iad ag ithe agus ag ól.
Igceann tamaillín d'eirig Mr. Crowley agus d'féach sé ar na comáin. Thaithnig ceann amháin diobh leis. Thóg sé an camán san agus bhuail idir a dhá chois é inaice na teine. Igceann tamaill chualaidh sé na(continues on next page)- Informant
- Mícheál O hEaluighthe
- Gender
- Male
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Dawros, Co. Kerry