School: Snaidhm (B.) (roll number 8251)
- Location:
- Sneem, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Snaidhm (B.)
- XML Page 002
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tamall roimh theacht Cromail go h-Éirinn bhí fear gurab ainm dó Séamus mar thaoiseach ar na Súilleabhánaig.”
(continued from previous page)chéile aige. Bhí mac an-óg ag Séamus agus gan dabht marbhóchadh Antoin é dá bhfaghadh sé é acht do shábháil a bhanaltra é. Do chlúduig sí le plainncéad é agus cheangail sí deire an plainncéid do rud éigin taobh amuigh de'n bhfuinneóig. Mar seo bhí an leanbh ag crochadh fán bhfalla agus ní raibh a úncal i dán é d'fhagháil. D'eirigh léi ealód ó'n gcaisleán leis an leanbh agus níor chuir sí fútha go dtí gur shrois sí Daingean Uí Chúise. Chuaidh na blíadhanta thart agus bhí an leanbh in a fhear. D'eirigh leis an bhanaltrain oideachas maith a thabhairt dó agus cheap seisean gurab í an banaltra a mháthair. Acht níor coimeádadh an scéal fé rún agus bhíodh a chomrádaig ag magadh fé á rádh narbh í siúd a mháthair in aon chor.
Lá amháin tháinig sé abhaile, tharraing sé a chlaidheamh agus dubhairt sé leis an mbanaltrain go marbhóchadh sé í muna n-innseochadh sí an fírinne dó agus nocht sí an scéal go léir dó. Bhí sé an-oilte leis an gclaidheamh ó bheith ag síor-chleachtadh agus do shocruig sé go mbainfheadh sé díoghaltas as an úncail.
lá'r na bhárach thug sé a aghaidh ar Drom Mór agus an oidhche sin do tháinig(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Occupation
- Feirmeoir