School: Snaidhm (B.) (roll number 8251)
- Location:
- Sneem, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Mac Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Snaidhm (B.)
- XML Page 003
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tamall roimh theacht Cromail go h-Éirinn bhí fear gurab ainm dó Séamus mar thaoiseach ar na Súilleabhánaig.”
(continued from previous page)sé go dtí tig Cathal na mbó i n-Gleann Cárthaig, áit a fuair sé biadh agus lóistín. Nuair a bhí sé ag imtheacht d'fhiafruig sé dhe cé mhéid a bhí le n-íoc aige agus dubhairt Cathal go raibh sé de nós aca gan airgead do ghlacadh ó dhaoine a d'fan leo do'n céad uair. Do ghluais Cathal arís agus níor stad sé go dtí gur shrois sé Drom Mór.
Bhúail sé cnag ar an ndoras agus tháinig a mháthair féin amach. D'fhiafruig sé dí cá raibh Mac Uí Súilleabháin agus d'fhreagair sí go raibh sé thíos ar an dtráigh ag fromadh capaill i gcóir rásanna a d'tionálfaí i gCíll Áirne. Fuair sé amach leis go raibh triúr mac aici agus go raibh siad ag fiadhach cois na farraige ar an dtaobh thiar den eastát.
Chuáidh sé annsan go dtí an tráigh agus f'fhriafruig sé den uncail ar mharbh sé a n-athair. D'fhreagair seisean gur mharbh. Annsan thug an gar-mhac a dhubhshlán don uncail comhrach aonair a dhéanamh leis. Do throideadar agus sar i bhfad marbhurgeadh an úncail agus baineadh an ceann de. Fuair an fear eile gad agus sháidh sé tré leicne(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Occupation
- Feirmeoir