School: Bunaneer (roll number 10242)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Choncubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo ceann des na rudaí a creideadh na Sean Daoine.
Go bhféadfad coilleach bás duine d'fógairt roimh ré.
Dá nglaodhfadh an coileach tímcheall an t-aon uair déag nó tímcheall an dá uair déag istoidhche dearfaí láithreach go raibh duine éigin cun báis d'fhághail. Do creidtí leis gur sa treó go mbéadh aghaidh an choilig agus é ag glaodhach do geobhadh an duine bás.
Am mí-nádúrtha b'eadh é do'n coileach agus rud mí-nádúrta leis - dar leis na sean daoine - glaodhach aon uair roimhe na dó déag istoidhche nó as súd go dtí a dó ar maidin agus dheiridís agus chreididís dá ríribh go mbíodh an bás ar sodar cun fear nó bean nó duine éigin a sciobadh leis as an gcómairseanacht, nó bfhéidir áit ba giorra dóibh, dá glaodhfadh an coilleach aon uair san oidhche roimhe a dó a clog. Bhídís ag faire agus ag feitheamh féachaint cé bhéarfadh scéala cucha ar duine éigin a bheadh t'réis báis. Agus nuair a chloisfeadh siad é déarfad duine aca - Á! bhí fhios agam go maith go gcloisfinn rud éigin. Bhí an coileach ag glaodhach oidhche airighthe úd - Sin é anois agat é."- Collector
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Conchubhair
- Gender
- Female