School: Bunaneer (roll number 10242)
- Location:
- Bunaneer, Co. Kerry
- Teacher: Siobhán Ní Choncubhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bunaneer
- XML Page 317
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche Shamhna
Creideadh na sean daoine go mbíodh na marbh in áirde ar na fraghthachaibh – iad a bheadh sa purgadóireacht – féachaint cé guidhfeadh ortha. Ní fios d’éinne an mbíodh na h-anama bochta ann nó ná bidís ach creideadh na sean daoine go mbídís ann agus bhí sé mar nós aca paidirín páirteach a rádh ar son na marbh Oidhche Shamhna ag iarraidh ar Dia fuascailt a thabairt ortha ó pé píonós a bhéadh ortha agus iad a leogaint isteach ‘n A láthair féin. B’uasal agus ba trocaireach an gníomh é. Oidhche na marbh a tugadh na sean duine ar Oidhche Shamhna.
Nós eile i bpáirt leo ná an paidrín páirteach a rádh gach Domhnach agus lá saoire.Rúd eile fós. Na daoine óga a bheadh oireamnach ar pósadh cuiridís cnó a’ dóghadh ar lic an teinteáin feachaint cia h-iad na lanamhain a bheadh pósta fé deireadh na h-Inide a bead chúcha nó blian ó Oidhche Shamhna féin.
Seo mar deintar é.
Faghtar dá cnó tugtar ainm buacalla agus ainm cailín go mbeadh caitheamh indiaidh a céile aca, ar an dá cnó, Cuirtear ar lic na teine iad. Má dóghann na cnó i dteannta céile ar an lic gan corruighe pósfar an beirt fé ceann bliadna. Ach má phreabhann duine aca ón duine eile, ní pósfar go deó iad bféidir. Má dóghann na cnó i dteannta céile pósfar iad- ach- caithfear a fághail(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Chonchubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Siobhán Bean Uí Chonchubhair
- Gender
- Female