School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seana-Caiseal
- XML Page 119
- XML “Stór na Féinne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scór na Féinne
Bhí caisleán mór ag na fianna in aice Cill Áirne. Bhí scór mór i bhfolac in oileain sa loc agus saighdiúrí á gardáil. Bhí daoine ann ag faire an bhfeadfaidís é a goid. Dheineadar suas le na seirbísigh comhartha a chur suas nuair imteocadh na gárdaí cun a ndinnéar i do cuireadar. Tháinig trúir fear i baineadar leo a bfhéadfaidís tabhairt leo insna málaibhra bhí acu. Nuair a tháinig na gárdaí thar nais bhí fhios acu gur goideadh an t-óir agus dimtigeadar ar lorg na gaduidhthe. Ní raibh bóithre ann san am ceudna. Tháinig na gaduidthe thar na cnocaibh isteach in Gleanneárthaig. Do lean na saighdiúirí iad. Beireadar ar an cead duine agus theastaig uatha fios a bheith acu cár cuir sé an t-ór i bfolach. Dubhairt sé gur cuir sé é i lúb an Atháin. Annsan crocadh é. Bhí eagla urtha na thiocfaidís suas leis an t-arna duine agus lamhacadar é agus an mála ar a dhrom. Bhí sé gabhailt trasna feithe. Caith sé an mála sa bféith ach ní fuair aoinne riamh é. Tá feith na sac mar ainm ar an bféith ó shin. Cailleadh seiseann annsan. Bheireadar ar an tríomadh duine agus sar ar crocadar é dubhairt sé gur chuir sé an t-óir i bfholach in Doire na Feinne ag(continues on next page)- Collector
- Maitéas Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Gortmaloon East, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Táilliúra
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Lyranes Lower, Co. Kerry