School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seana-Caiseal
- XML Page 129
- XML (no title)
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Máire Ní Duibh an tigearna talmhan ag moladh píosa talmhan...”
(continued from previous page)mhaol cnoch.
{Slighe Eile
Tá cois abha síos ann agus
Tá cois abha suas ann
Ta foithin an láe fhuar agus
An fhuar an láe the}An tineóntaidhe 'a caineadh
Tá a cúl sa gréin
Agus aghaidh sa t-sioch
Basca in á lár
Agus (barr) na bhun
Ó loitir orm é adubhairt sí
{Slighe Eile
Tá basca in a lár
Agus bádadh na bhun
Tá a cúl sa gréin
Agus agaidh sa t-sioc.}- Gaiscidheach mór a bhí ann fadó. Tánaig namhaid cun a thighe ar a lorg. Connaic a bhean ag teacht iad agus dubairt si leis dul i bfolach sa clíabhán. Nuair a thánaig na saighdiúirí isteach bhíodar á cheistiú in a dthaobh. D'fiafruigheadar cad é an sort iad na cleasa luatha a cleactadh fear an tighe.
Cuaidh sí amach agus taisbeáin sí dóibh. Carraig mhór a bhí taobh tíar den tig agus dubairt si go gcaitheadh sé an carraig sin thar an tig agus go mbiodh si fein ar an dtaobh eile roimpi cun breith uirthi
Dfiafruigheadar annsan go raibh se in a fhathac mór. Cuaidh sí isteach annsan agus dubairt sí