School: Seana-Caiseal (roll number 16745)
- Location:
- Shanacashel, Co. Kerry
- Teacher: Máire, Bean Uí Fhoghludha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a cuir an bligeárd mo bhean ar buile. "Ní mé do bhean" adubhairt sí "ac bean Mhaoinisín agus is é a dhein an gaisce" agus cuaidh sí suas go dtí an rí agus dínnis sí gach aon fhochal do é thosach go deire agus conus gur dhein Ártach agus Ártún an feall ar Maoinisín. Bhí an rí lán d'athas agus dubhairt sé le Maoinisín teacht agus culaith eadaigh a cur air. "Tá eadach mo dhóthain agam féin" arsa Mhaoinisín agus pé áit go raibh a chuid eadaig cur sé air iad. Tógadh Ártach agus Ártún agus bhíodar cun iad do dógadh agus do losgad. Pósadh é féin agus Bas Mara Geala Croidhe Dheug ar maidin agus mhairuigheadar i bhfad i dteannta ceile. Sin a fuaireas sa dá mbarr stocaí ime agus broga glaine agus is fada a leigheadar cois na teine.