School: Cuileannach (B.) (roll number 1199)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Peadar Ó Cochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aistriú san le fághail anois I gColáiste na Trionóide i mBaile-Átha-Cliath.Ba le muinntir Shúileabhain an duthaig seo i gcómhnuidhe agus bhí trí treabhanna móra diobh san ann - an Suileabháin Mór a bhí in a chómhnuidhe i nDún Chiaráin, Ó Súileabháin ó Ceapad na gCos, agus a bhaile comhnuidhthe i dTeampeall Nua in aice an Neidín agus Ó Súileabhaín Bhéarra a chómhnuidheadh i nDúnbaoi. Fútha san bhí treabhanna beaga mar Mac Giolla Coda go raibh cómhnuidhe air i gCaisleán an Chorraigh agus Ó Súileabhaín a bhí 'na chomhnuidhe i gCúl na nGort.San trímhadh aois déag tháinig Reamonn Reamhar agus a lucht leanamhna agus do chreachadar an conndae ar fad nách mór cómh fada ó dheas leis an Neidín nách mór agus do chuiredar fé riaradh gallda é. Áit ana thábhachtach ab'eadh Beárna an Chuimín dóibh ag dul ó dheas go dtí dúthaigh Uí Shúileabháin agus chun an áit sin do chosaint agus an duthaigh seo do choimeád fé smacht. Do thógadar Caisleán i nDúnló. Is mar sin do thog muinntear Mic Gearailt Caisleán Dúnló.Tar éis briste ar na Normánaig i gcath Callain sa bliadhain 1261 do thóg muinntear Uí Shúileabháin agus muinntear Mhic Chárthaig a raibh d'á gcuid talmhan ag na Normánaig uatha agus mar sin do ghaibh na(continues on next page)
- Informant
- Liam Ó Cochláin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Beaufort, Co. Kerry