School: Cuileannach (B.) (roll number 1199)
- Location:
- Cullenagh Upper, Co. Kerry
- Teacher: Peadar Ó Cochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (B.)
- XML Page 425
- XML “Leabaidh na Bó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leabaidh na Bó.
Aon uair amháin do bhí bo úatbhásac i gurán. Do tháinig sí ann nuair a bhí na daoine ana bhocht agus do thug sí bainne do gac aoinne a crúdhadh í. An Glas Gaibhneach a b’ainm dí.
Do fuair na daione go léir bainne uaithe agus bí an ionad san bainne aice go líonfadh sí aon soitheach a gheobhaidís. Is ins an áit ar a dtugtar leaba na bó anois a fhan sí gach oidhche.
Do bí bean éigin droch-intinneac tímcheall na h-áite agus dubhairt sí go bhfaghadh sí soitheach ná lionfhadh an bhó é. Do fuair sí sgagaire is do thosnuig sí ag crúdh na bó. Do bhí sí ag crúdh go dtí gur eirig sí tuirseac is do bí an bainne ag gluaiseacht tímcheall an bhóthair.
Nuair a chonnaic an bhó an bainne go léir do imthig sí as a radharc agus ní fheaca aoinne ó shoin í agus tugadh ‘Leaba na Bó’ ar an áit a chómhnuigheadh sí.(continues on next page)- Informant
- Domhnall Ó Dubhghaill
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cappaganneen, Co. Kerry