School: Gleann Beithe (B.) (roll number 4762)
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe (B.)
- XML Page 105
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mo Cheanntar Féin
bailighthe ag Seán Mac Suibhne, Baile na Cille.Táim im' chomhnuidhe i mBaile na Cille i bparróiste Gleann-Beithe i mbarúntacht Uibh-Ráthach. Tá triochadh tighthe ann anois agus bhí tímpal sé chinn is triochadh ann fadó agus tighthe ceinn tuighe ba choitíanta a bhí ann. Baintear an tuighe-bán ag Ros-Beithe le speala agus tugtar abhaile é le capall agus cárr. Fuair Baile na Cille a ainm ó'n Chill atá ann. Tá roilig ann anois. Sé an sloinne is coitíanta san áit ná Ó Gríbhthín. Tá a lán daoine ann ós cionn ochtó ach níl aoinne ós cionn nócha. Is féidir le triúr sean-daoine scéal d'innsint, siad Mícheál Ó Sé agus Máire Bean Ní Shé agus Donnchadh Ó Gríbhthín ó Baile na Cille. Tá a lán fothrach tighe san áit agus do bhí daoine in a gcómhnuidhe ionnta fadó ach do chuadar go h-America nó go Sasana agus bhí coill mhór ins an áit ach gearradh í, 1918, agus tá pluais ins an gcoill san agus deirtear go raibh a lán daoine in a gcomhnuidhe ann fadó blianta na Droch-Aimsire. Téigheann a lán daoine ó Bhaile na Cille go Sasana gach bliain chun airgid do(continues on next page)- Collector
- Seán Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- Ballynakilly, Co. Kerry