School: Gleann Beithe (B.) (roll number 4762)
- Location:
- Glenbeigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Beithe (B.)
- XML Page 106
- XML “Mo Cheantar Féin”
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thuilleamh.
Tá lios amháin i mBaile na Cille agus clocha a bhí tré-theine iseadh na clocha go léir atá ann. Deireann na seana-daoine gurbh' iad na Danair, a chuir na clocha san tré-theine mar bhí fhios acu go raibh leasú i gcloich áirighthe agus annsan do bhídís ag cur gach sórt cloch tré theine a d'iarraidh an chloc speisialta san d'fhághailt amach agus tá na clocha san le feisgint agus rian na teine ortha go dtí an lá seo ach tá an lios go léir imighthe agus níl ann anois ach carn mór cré.
Feimeóirí beaga iseadh na daoine. Níl siad bocht ná saidhbhir, Tá siad idir eatortha. - Mo Cheanntar Féin
Bailighthe ag Mícheál Ó Súilleabháin Cill na mBreacCill na mBreac ainm an Baile. Gleann Beithe ainm na Paróiste agus Uíbh Ráthach ainm an Bharúntachta. Do bhí Cill nó reilig ann fadó i bpáirc le Mícheál Ó hÓráin agus oidhche amháin tháinig tuille an-mhór san abhainn agus d'eirig an t-uisge agus leath amach ar na páirceanna ar gach taobh. Nuair d'imthigh an tuille do fuaradh bric ins reilig agus is(continues on next page)- Collector
- Míchéal Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Kilnabrack Lower, Co. Kerry