School: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (roll number 12198)
- Location:
- Teeromoyle, Co. Kerry
- Teacher: Conchubhar de Barra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'éirigh sé ar maidin. D'iarraidh sé cabhair agus trócaire ar Dhia agus bhí ag gabháil stealadh duit féin leis an gclaidheamh d'fhionn is an rian do choimeád uait féinigh, agus do bhí an fathach ag fághail an lámh uachtar air. Do thuit sé siar 'na shuidhe agus do thóg fásga agus do chuaidh ó'n dtaobh eile do do'n léim sin. "Tá an méid sin déanta agat a Mhac Ríogh Éireann" arsa fear aosta "ach ní gádh uait san go bhfuil fáinne na h óige agat. Tá fear fiadhan annso. Táim ag imirt ceithre cleasa draoidheachta ort, agus tá gairm scoile 'á chur amach aige go cách. Ní raibh an focal as a bhéal i gceart nuair do scaoil an sean-fhear draoidheachta anuas an fathach fiadhan". "Is mór dam mar greim tú" ar sé leis an Eireannach agus is beag liom mar dhá ghreim thú, agus dá gcuirfinn aoil mo bhróg ort". "Ciaca is feárr leat iomrascál cruaidh calamánta ar bhun agus ar bhárr tearnaidheacha". "B'fheárr liom iomraseál cruaidh cealgánta mar 'sí is mó a thaithnigheas riamh, agus gach aon blúire ag dul chun a mhaitheasa. nuair tá fathach ón Domhan Thoir ró-mhaith dómh-sa."
Bhí san go maith, agus ní rhaibh go h olc. Ach gach aoinne 'na shrannséar ós mo(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Leidhin
- Gender
- Female