Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (uimhir rolla 12198)

Suíomh:
Tír Ó Maoil, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Conchubhar de Barra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle)
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “Mac Rí Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'éirigh sé ar maidin. D'iarraidh sé cabhair agus trócaire ar Dhia agus bhí ag gabháil stealadh duit féin leis an gclaidheamh d'fhionn is an rian do choimeád uait féinigh, agus do bhí an fathach ag fághail an lámh uachtar air. Do thuit sé siar 'na shuidhe agus do thóg fásga agus do chuaidh ó'n dtaobh eile do do'n léim sin. "Tá an méid sin déanta agat a Mhac Ríogh Éireann" arsa fear aosta "ach ní gádh uait san go bhfuil fáinne na h óige agat. Tá fear fiadhan annso. Táim ag imirt ceithre cleasa draoidheachta ort, agus tá gairm scoile 'á chur amach aige go cách. Ní raibh an focal as a bhéal i gceart nuair do scaoil an sean-fhear draoidheachta anuas an fathach fiadhan". "Is mór dam mar greim tú" ar sé leis an Eireannach agus is beag liom mar dhá ghreim thú, agus dá gcuirfinn aoil mo bhróg ort". "Ciaca is feárr leat iomrascál cruaidh calamánta ar bhun agus ar bhárr tearnaidheacha". "B'fheárr liom iomraseál cruaidh cealgánta mar 'sí is mó a thaithnigheas riamh, agus gach aon blúire ag dul chun a mhaitheasa. nuair tá fathach ón Domhan Thoir ró-mhaith dómh-sa."
    Bhí san go maith, agus ní rhaibh go h olc. Ach gach aoinne 'na shrannséar ós mo
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Leidhin
    Inscne
    Baineann