School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 305
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní fheaca an sean-bhean é in aonchar go raibh sí i lár an úrlár agus dubhairt an sean-duine. Feach taobh thiar diot. Tá an bás ag teacht id iarraid. Táinig scannrad uirthe agus dubhairt sí “Ó, a bháis bhán gléigil beir é féin leat.”Caitlín Breathnach do scríobh 06-12-1937
Ó Seamus Ó Concubhair 22-11-1937 - SgéalBhí Fígheadóir ann uair agus bhí sé posta. Lá amháin dá raibh sé ag obair tháinig tart air agus dubhairt sé le na mhnaoi cana bláthaighe a tabhairt isteach cuighe. Dhein an bhean fé mar a dúbhradh léi agus bhuail sí an cana ar an mbórd. Nuair a tháinig an fígheadóir cun é ól bhí bara dubh ar le cuileoigí.
Fuair sé maide fada agus scríbh sé síos ar an méid cuileoigí a bhí sa cana, sé sin trí céad agus bhuail sé air a chóta agus a bhata fa’n oscail agus bhuail sé amch an dorus. Ní raibh sé i bhfad ó bhaile nuair a connach sé chuige gardaí. Níor dhein sé aon nídhe ach síneadh siar agus leig sé a bheith ‘na codhla.
Nuair a tháinig na gárdaí in aice leis bhíodar dá bualadh le maidí. “Ar son Dé” arsan fear ceann, “Leigeidh do, feach a bhfuil do dhaoine(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Sheaghdha
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Cearna
- Gender
- Male