School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 321

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 321

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 321
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    is coidhche go dtángadar go cúirt an duine úasail seo. Bhí glas ar an ngeata seo agus niorbh aon mhuill ortha an geata seo d’oscailt. Chúadar isteach agus thóg duine aca in áirde stadhaire é agus is amhlaid a bhí sí 'na codhladh istig i seómra agus a beirt deirfiúr agus duine aca ar gach taobh di. Bhúail sé a lámh uirthi agus búail sé anúas an stadhaire is tóg sé in-áirde í san capall bhán. Thománadar leó is bhíodar ag an lios roimh ghlaoid an choilig. Do thángadar go léir anuas dá gcapallaibh is chúadar isteach sa lios. Bé féin an fear deireannach a tháiinig anúas dá chapall is cur sé a lámh mór timcheall uirthi. Is dúbhairt sé, “Tógaim fúm féin í in ainim Dé is Muire." Druid duine aca léi is búail sé clabta uirthe is caill sí adhbhar labhartha. Thóg sé leis í go tig a athar agus thug sí cúpla lá annsan agus i gan aon adhbhar labhartha aici. Dúbhairt sé leis fhéin go raghadh sé go dtí an lios arís feuchaint a gcloiseadh sé aon cainnt mar gheall uirthi. Seadh chúalaidh sé íad ag cainnt. Is bhíodar ag cainnt mar gheall air féin gur díabhail an misneach do bhí aige. Seadh dúbhairt duine gur gheárr ó súd a leigheas mar go raibh luibh ag fás in aice tíghe a athair is dá bhfaghadh sí le n-ithe é go mbeadh a cainnt aici chómh maith is bhí ríamh. D’imdhig sé abhaile chun tíghe a athar agus athas a croidhe air. Ar maidin lár na márach núair d’eirig sé ina suídhe chúarduig sé an luibh agus fúair sé é agus thug sé di le n-ithe é is bhí sí chómh maith is bhí sí ríamh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Síle Ní Shúilliobháin
    Gender
    Male
    Address
    Drom na Coille, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Concúbhair
    Gender
    Male