School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 395
- XML “Fionn agus a Dhailtín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seadh. D’imthigh sé agus árthach aige agus geall sé go dtacfadh sé i gcionn lá agus bliain agus mara dtacfadh sé ná dtacfadh sé go deo.
Ar maidin lae is blíadhna bhí sé tagaithe sa chúan. Tháinig sé go chúirt Fhinn agus fáilte roimis. Thugadar ar feadh sé lá na seachtmhaine ag ól. Thuiteadar go léir ar meisge agus nuair a chuireadar a’ meisge díobh agus nuair a dhúiseadar cualadh an cúile cómhrach á bhualadh. Cloistí de ceithre ronna an domhan é.
Seadh. Do cromadar ag gol is béicig is ag olagón mar ní rabhadar ábalta iad féin a chosaint mar nuair a fuair an gaisgeách ar meisge iad do chimil a chuid fola ar an h-aon duine aca. Chogain Fionn a órdóg. Fuair sé amach go raibh mac tabhartha dó féin ‘na bheathaidh thíar i Rinn Ruadh ‘n aice na mainistreach é féin agus a mháthair agus é ag ithe leathóg rósta.
Do dhíabhail an “sound” a bhí ag an mbarra buadh gur chualadh sé ar a’ Rinn Ruaidh é. “Ar m’anam,” adubhairt sé lena mháthiar, “go gcaithfidh mé dul fé dhéin m’athair, mar is baoghalach go bhfuil sé i greim cruaidh.”
Seadh. Bhailig sé leis fé dhéin an athar agus is gcionn trí lá bhí sé in-Íochtar(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Súilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Moing Uí Dhúda, Co. Kerry