School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 072
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sceul Tá mórán galain le feiscint ar fuaid na h Eireann agus iad ag seasamh suas díreach ins na pairceanna. Seo sceul mar a tarlaigh íad bheith mar sin. Bhí fear i na cómhnaidhe thíar i mBaile Breac fadó darbh ainm dó Connraí Mac Dara. Bhí sé pósta le bean darbh ainm di Bleáidhnid. Albanach a beadh í. Bhí sí geallta do Cú-Culainn sar ar phós sí Connraí Mac Dara ach do scuab Connraí ó Albain í i gan fhios do.
Bhíodar tamall i na gcómhnaidhe i mBaile Breac sar ar fuair Cú-Culainn fios cá rabhadar agus lean sé íad. Buail sé le Bléaidhnid lá agus shocaruigheadar ealód ach ní feudfadh sí é déanamh an uair sin mar bhí gárda mór fear ag Connraí mór timcheall na h-áite. Dúbhairt sí le Cú-Culainn go ndeanfadh sí seift cun na fir do chur as baile agus gur ba é cómhartha a bheadh aici do nuair a bheadh sí ollamh ná go ndoirtfeadh sí meadar bainne isteach sa sruthán a bhí in aice an tíghe agus nuair a cífeadh sé an sruthán bán bheadh fhios aige annsan go mbeadh sí ollamh dó.
Ar maidion dúbhairt sí le(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- An Chillín Liath, Co. Kerry
- Informant
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Gender
- Male