School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)

Location:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Siochfhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 085

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 085

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Máistir Gaoithe
  2. XML Page 085
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Do cogaint Fionn a órdóg agus dúbhairt sé go raibh deoch ag Rí a bhí thoir i gCill-Áirne agus dá mbeadh sé le’n ól acu go bhfeadaidís eirighe. Ní raibh Goll Mac Mórna ceangailte in ao’ chor mar is é bhí ag friothálamh ortha. D’imthig sé go Cill Áirne, agus ba ghearr an mhoíll air an fíon d’fágháil agus é thabhairt leis go Dairbhre. Thug sé dós na Fianna é len ól. D’ól gach duine acu braon de ach ní raibh ao’ nídh fágtha do Conán Maol sa deireadh. D’eirig gach duine acu slán ach Conán Maol mar bhí sé ceangailte len a cathaoir. Bhí na Fianna ag glúaiseacht ortha agus Conán ‘na ndiaidh. Thosnaigh seisean ag gol, “A bhfágfaidh sibh mise annso” ar seisean. “Ní fhagaimíd” arsa Gholl Mac Mórna agus Oscar. Bheireadar ar an da oscail ar Chonáin agus thairingeadar é, ach má dheineadar d’fhan croiceann a thóin ceangailte leis an úrlair.
    Mícheál Ó Shéaghdha
    Cillín-liath
    Maistir-gaoithe
    Cill-Áirne
    Fuaireas é seo ó
    Dómhnall Ó Séaghdha
    Cillín-liath
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry
    Informant
    Dómhnall Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry