School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 092
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ScéalBhí buachaill ann fadó darb ainm dó Seán Mac Séamais. Buachaill ana bhreágh a beadh é. Cuaidh sé ar aonach aon lá amháin. Tháinig bean uasal dó ag triall air agus tug sí ubhall dó. Níor thóg sé an t-úbhall ach gaibh sé a buidheachas léi. D’imthigh sí uaidh ach tháinig sí arís agus smut de úbhall aici. Bhí náire air gan an t-úbhall do thógaint agus d’ith sé é.
D’imthigh sí uaidh ach lean sé í go dtí an liosachán mar sin é an áit go raibh sí na cómhnuidhe. Bhí sé so liosachán geall le seacht bliana.
Annsan cuir sé tuairisc dá athair teach á iarraidh. Geall an t-athair d’aon bhean a raghadh á iarraidh go dtabharfadh sé dhi é. Bhí aon bhean óg agus cuaidh sí á iarraidh. Nuair a cuaidh sí isteach so lios is é seo an cómhrádh a tharla idir í féin agus an mnaoi eile.
Móra is Críost duit a Clíodhna glé geal
No conus tá an fear sin Seán Mac Séamais
Ar phós sé fós no an bhfuil sé gan céille
No an bhfuil aon óigbhean ar t-eólas réidh leis
Cé thú féin atá á éileamh
An tú aoibhinn donn deas na carraige léithe(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shíothcháin
- Gender
- Female
- Address
- Inse na Toinne, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Síothcháin
- Gender
- Male
- Address
- Inse na Toinne, Co. Kerry