School: Waterville (C.) (roll number 16015)
- Location:
- Waterville, Co. Kerry
- Teacher: Helen O' Sullivan
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sceál: Dómhnall Ó ConaillFuair sé cuireadh ó Shasanach uair amháin cuireadh go dtí a thigh. Chuaidh ó Conaill ann. Chan le cion nó chumann a thug an Sasanch an cuireadh seo dó, ach leis an fhuath dhubh mar bhí dúil aige nimh a thabhairt do Dhómhnall agus é a mharbhadh.
Ach fuair an cailín aimsire fios ar an droch-bheart a bhí le déanamh, agus is Éireannach a bhí innti chómh maith. Nuair a bhí siad tamall le chéile thug an Sasanach deoch fíonta do Dhómhnall agus líon sé amach deoch eile as buideál eile do féin.
Bhí an cailín aimsire ins an tseomra agus tharlaidh an comhrádh seo idir í féin agus Dómhnall.
“A Dhómhnall Uí Chonaill, an dtuigeann tú Gaedhilg,” “Tuigim, a chailín, cad é sin is léir duit?” “Tá’n oiread sin i do chupa is marbhfad' céad-taí,” “Is maith thú a chailín, is geobhaidh tú féirín .” “Cé hé siúd ag tiomáint thart” arsa Ó Chonaill. Dhearc an Sasanach amach ar an bhfuinneóig. Fhad is bhí sé ag amharc amach rinne Ó Conaill malairt áite ar an dá ghloine.
Char thug an Sasanach a dhath faoi ndear, is(continues on next page)