School: Cnuicíní (roll number 13123)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Mrs J. Booth
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnuicíní
- XML Page 274
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ceithre míle ar an dtaobh theas de mo thig seo iseadh Otarmong agus deir na seana-daoine go bhfuil Cístí Óir i bhfolach ann. 'San am fadó bhí long caillte ar na carraigeachaibh i dtaobh amuigh in aice "Cuan Bhéil Ínse." Tháinig mairnéalach saor aisti, agus deirtear gur chuir sé an saidhbhreas fé thalamh i bhfolach i nOtharmong in aice mo thig. Annsan do chuaidh se tar n-ais go dtí Spáinn.Taréis cúpla céadta bliadhain táinig sé thar n-ais go Otharmong áirís chun an saidhbhreas do thógaint leis, ach ní raibh fhios aige ar an áit a chuir sé an saidhbhreas i bhfolach. Tá sé ann ó shoin i leith, agus níl fhios ag aoinne, ar an áit ceart ata an saidhbhreas i bhfolach. Deirtear go bhfuil cúig céud púint ann, agus píosa óir ann leis. Sé an chúis a bhí ag na daoinibh chun an saidhbhris do chuir fé thalamh i bhfolach nó i bpoll éigin iad, mar do bhí an tír lán do ropairí an t-am sin, agus cheap na daoine go goidhfeadh siad a gcuid airgid agus óir leis uatha, agus cuireadh na daoine cliste a gcuid saidhbhris fé thalamh, agus taréis tamaill nuair a théigeadh siad cun a gcuid saidhbhris d'fhághail, n fhéadfadh siad an saidhbhreas d'fhághail.Deirtear go bhfuil an saidhbhreas fós fé thalam i bhfolach i bpoll éigin, ins na h-áiteannaibh mordtímcheall mo thig feínig.
- Collector
- Máire Bríd Ní Shiocfhradha
- Gender
- Female
- Address
- Oghermong, Co. Kerry
- Informant
- Séamus Ó Siochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Oghermong, Co. Kerry