School: Cnuicíní (roll number 13123)
- Location:
- Garranearagh, Co. Kerry
- Teacher: Mrs J. Booth
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnuicíní
- XML Page 309
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sa t-sean aimsear, do bhíodh mórán sean ceardanna ar siubhal ins na cathrochaibh agus fe'n dtuaith, acht tá alán díobh imtighthe as an tsaoghal ar fadh. Seó cuidh des na cheárdhanna a bhíodh ar siubhal achu.
Sníomh Bhíodh sníomh ar siubhal go choitheanta ins gach tigh fe'n dtuaith, go mór, mhór, ins na gleannthaibh mar bhí na caoire go flúirseach ins na gleannthaibh.
Ag déanamh leathain. Ins an cathrachaibh a bhíodh an céard sin ar siubhal. Do bhíodh sé ar siubhal i gCathair Saidhbhín ag Muinnthir Mach-Carthaig. Cheannuighid is na soith ós na feirmeóiríbh agus dheinifhís féin an leathar de.
Ag déanamh téide. Dheinidís a gcuidh dtéid féin as earbhail na mbó agus as muinghin na gcapall agus bhídís i bhfad níos féarr agus níos théagartha ná na téideacha a cheannuightear ins na síopaibh anois.
Ag déanamh ciseán. Ní raibh aon tigh fé'n dtuaith ná fhásadh a gcuidh brunlóga féin, agus a dhéanamh a gcuidh ciséán agus a gcuidh birdeóga, mar do bhíodh siadh ana úsáideach chun na móna do bhreith abhaile ó'n bportach agus chun mórán rudaí eile a dhéanamh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mhurchudha
- Gender
- Female
- Address
- Reenard, Co. Kerry
- Informant
- Liam O Murchudha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Reenard, Co. Kerry