School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán an Chontractor
“Ist oidhche Diardaoin is sinn i bhfóireabh a chéile”
1
Ist oidhche Diardaoin is sinn i bhfóireabh a chéile,
A tháinig duin' éigin sa bhfuinneóig a' rapáil.
Cailín maith fada fé chulaith cíordhubh éadaigh,
Buacaillín éigin istigh fé na seál.
Bhíos ar an raca is bhíos im bhaimpéisí,
Do phreabas go héadtrom amach ar an mbán;
Do luígheas ar an bpáirc is do rugas ar bhéilic,
Is do leogas-sa glaodhach ar Mhaidhc is ar Sheán.2
Do leanamair iad súd an cumair le fánadh,(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Leidhin
- Gender
- Male
- Address
- An Com, Co. Kerry