School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Rialaigh
- XML Page 421
- XML “Conas Mar a Dhein Eoin Rua an Moladh idir an Duine Uasal agus an Duine Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh aoinne ceapaithe aige ach' go bhfágfadh sé fé'n cheud duine a gheobhadh an bóthar é. Bhí ag faire ortha agus nuair a cheap sé na h-aon nidh bheith socair acu bhuail sé fé' na mbrághaidh sean caobín hat' air sean-chasóg gioballach air agus súgán thairis aniar mar bheilt, é tamall ag amhrán agus tamall ag caint leis féin. Ghlaodhaidh an duine uasal air agus má ghlaodhaidh níor leóg Éóin air gur chualaidh sé é. Do ghlaodhaidh sé airís air agus dubhairt sé leis seasamh. D'fiafruigh Eoin dhe cad a b'áil leis dhe. Dubhairt sé gur moladh a bhí le deanamh achu agus go gcaithfeadh sé sin bheith ar dhuine de's na moltóirighthe. Dubhairt Eóin gur ghreannmhar an té a bhí chun moladhta a dhéanamh é féinigh agus go mbeadh sé ana-bhuidheach dhe dá leogfadh se do an bóthar a thabhairt air féinig . Dubhairt an duine uasal leis go gcaithfeadh sé seasamh gan bhuidheachas do. Ó má chaithim é dhéanamh gan bhuidheachas dom arsa Eóin deanfadh mo dhícheall agus ná bíodh aon mhilleán agaibh orm mar a ndéanfa' mé an ceart. Deanfir ár ngnó arsa an duine Uasal. Cad é an saghas é an moladh atá le déanamh agaibh arsa Eóin. Tá arsa an duine uasal beithideach a mairbh an duine(continues on next page)
- Collector
- Maidhchín Shéainín
- Other names
- Maidhchín Shéainín
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 31
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry