School: Cill Rialaigh (roll number 14988)
- Location:
- Cill Rialaigh, Co. Kerry
- Teacher: Séamus B. Ó Lúbhaing
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Rialaigh
- XML Page 422
- XML “Conas Mar a Dhein Eoin Rua an Moladh idir an Duine Uasal agus an Duine Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seo liom-sa le buille chloich agus teastuíonn uaidh díol fiach a thabhairt dom aiste. Fágfaimíd fé mholadh beirte é. Beir-se mar moltóir ag an duine bocht agus tá moltóir annso agam-sa. "An mbeidh -sibh se sásta arsa Eóin le pé slí go ndéanfeam-na an moladh"
Beam arsa an duine uasal. Tarigidh i leith a dubhairt sé agus sgriobhaigidh bhúr n-ainm annseo ag tairring páipéar as a phóca. Do sgríobhadar. Téanam ort anois arsa Eóin leis an moltóir eile ar leath-taoibh uatha so. Do cuadar. Seadh anois arsa Eóin leis a bhfear eile cugat-sa ata gearradh na bhfiach, an mór an t-airgead atá agat á cheapadh don bheithidheach. Sé púint adubhairt sé. Níleann tú puinn as an tslí arsa Eóin. Ach duine bocht iseadh é agus amás tabhairfir aimsir dho chun é dhíol. Ó tabarfa' mé arsa an fear eile. T'ás agam ná féadfadh sé é dhiol i n-éinfheacht. Tá gearradh na bhfeach fágtha fút-sa arsa Eóin. Tá súil agam go bhfágfair gearradh an cháirde fúmsa fúm-sa. Fágfadh arsa an duine eile. Sgríobhaidh t-ainm annso mar sin arsa Eóin. Do dhein. Seadh gearaim-se leath pingin sa bhliain arsa Eóin go dtí go mbeidh deire díoltha aige. Do chuadar thar nais go dtí an duine bocht agus an(continues on next page)- Collector
- Maidhchín Shéainín
- Other names
- Maidhchín Shéainín
- Mícheál Ó Siochfhradha
- Gender
- Male
- Age
- 31
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Buaile Uí Chuill, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Kerry